Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 10:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Bíodh meisneach mhaith agad, agus foillsigheam sinn féin ar bhfearuibh ar son ar bpobail, agus ar son chaithreacha ar Ndé: agus déanadh an TIGHEARNA an ní is maith ann a radharc féin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 10:12
24 Tagairtí Cros  

Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa.


Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”


Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”


“Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan.


Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.”


Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d'éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.”


á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”


an bhfuil an ithir féin saibhir nó bocht, faoi choillte nó a mhalairt. Bíodh misneach agaibh agus tugaigí cuid de thorthaí na tíre ar ais libh.” Ba é séasur na bhfíniúna luatha é.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”


Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.


Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,


Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”


Aon duine a dhéanfaidh ceannairc in aghaidh ordú uait, agus nach ngéillfidh do do bhriathra, cibé rud a ordaíonn tú, cuirfear chun báis é. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach agat.”


Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”


D'fhreagair clann Iosrael an Tiarna: “Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!”


Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: “Tagaigí aníos chugainn,” ar siad, “tá rud éigin le rá againn libh.” Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: “Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.”


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


“Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.”


D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”


Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí