Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 49:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam, is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Féuch, do ghrean mé thú ar chlár mo dheárnainne; atáid do bhalladha a ccomhnuigh am lathair.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 49:16
12 Tagairtí Cros  

Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.


Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.


An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: “Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.


Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní, geataí den chriostal duit, agus de liaga lómhara do chompal uile.


Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.


Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d'oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,


níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósan nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh.


“Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn, tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroí agus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan


“Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.


An lá sin, a deir Tiarna na Slua, glacfaidh mé thú, a Zarubáibil, a mhic Sheailtíéil, a sheirbhísigh liom, agus déanfaidh mé mar a bheadh fáinne séala díot. Óir is tusa atá tofa agam, a deir Tiarna na Slua.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí