As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin. Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása. Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa. An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha. Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar. Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac. Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é. Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh. Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh. Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal? Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh. Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh. Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air, Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi. Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte; Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh. Oír mar do bheir an talamh a fhás amach, agus amhuil do bheir an gáirdín ar na neithibh cuirthear ann fás a níos; marsin do bhéar an Tighearna DIA fíréanntachd agus moladh dfás súas as coinne na nuile chríoch. Dfúagra blíadhna taitneamhuigh an TIGHEARNA, agus láe dioghaltais ar Ndé; do chabhrughadh na méide chaoidheas: Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo. Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Sluígfidh sé súas an bás a mbuáidh; agus tiormochuidh an Tighearna DIA déora do na huile aighthibh; agus cuirfe sé masla a phobail ar ccúl ón ttalamh uile: óir do labhair an TIGHEARNA é.
O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh? A sé an peacadh cáilg an bháis; agus a sé an reachd neart an pheacaidh. Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Oír coibhreochuidh an TIGHEARNA Sion, coibhreochuidh sé a háite fásuigh uile; agus do dhéana sé a fásach cosmhuil ré Heden, agus a díothramh cosmhuil ré gáirdin an TIGHEARNA; do gheibhthear gáirdeachus agus sólás ann sin, breith bhuidhe, agus guth ceóil.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh. Chum oighreachda neamhthruailligh, gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomhairse.
Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh: O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Díarr mé an TIGHEARNA, agus do chúaluidh sé mé, agus do sháor me óm eagla uile. Dféuchadar chuige, agus do shoillsíughadh íad: agus ní raibh náire ar a naighthibh.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
As mar an gcédna bhías eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighe agá chur; agus éirghidh sé neamhthruallidh. As neamhonórach é agá chur; agus éirghidh sé maille ré glóir: bí gan neart agá chur; agus éirghídh sé maille ré neart: Bí sé na chorp nadúrtha agá chur; éirghidh sé na chorp sbioradálta. Atá corp nádúrtha ann, agus corp sbioradálta.
Agus ní bhiádh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: achd biáidh cathaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do dhéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha seirbhís dó: Agus do chífid síad a aghuidh; agus biáidh a ainm á gcláruibh a néudan. Agus ní bhiáidh óidhche ann sin; agus ní bhfuil uireasbhuidh lóchruinn, ná solais gréine orrtha; óir do bheir an Tíghearna Día solas dóibh: agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.
Imthidh an fíréun seachad, agus ní chuireann áonduine ann a chroidhe é: agus beirthear na daóine trócaireacha as, gan áonduine do chur a suim go mbeirthear na fíréin as ó nolc atá ag teacht. Atá tú coirthe ó mhéud hastair; gidheadh ní abair tú, Ní bhfuil dóthchus ar bith: fuáir tú beatha do láimhe; uime sin ní raibh tú doilghiosach. Agus cía roimhe agá raibh úamhan ort nó dimeagluigh thú, as a ndéarna tú bréag, agus nach ar chuimhnigh tú misi, agus nach ar chuir tú ann do chroidhe é? nach ar thochd misi fós re fada, agus níor eagluidh tusa romham? Foillseochuidh mé thfíreantachd, agus hoibreacha; óir ní thairbheochuid síad dhuit. ¶ A nuáir éighfios tú, tárthuighidís do chompanuigh thú; acht béara an ghaoth ar siubhal íad uile; béara an diomhaoíneas air siubhal íad: acht sealbhochuidh an té chuirios a dhóigh ionnamsa an dúithche, agus do gheabhuidh oighreacht mo shléibhe náomhtha; Agus a déaruid, Teilgidh súas, teilgidh súas, ullmhuighidh an tslighe, beiridh an ceap tuislighe as slighe mo mhuinntire. Oír is marso a déaruidh an Táon árd úachdarach noch áitreabhus a siorruigheachd, darab ainm Náomtha; áitreabhad ann sa náit áird agus náomhtha, agus maille ris an té atá do spioruid chomhmbrúighte agus umhail, daithbhéoghadh spioraide na numhal, agus daithbhéoghadh croidhe na druinge bhios comhmbrúighte. Oír ní cheannairgfidh mé go siorruidhe, ní mó bhías mé a ccomhnuidhe feargach: óir dfáilleochadh an spiorad romhamsa, agus na hanmanna noch do rinne mé. Arson éigceart a shainte iseadh do bhí mé feargach, agus do bhuáil mé é: dfoluighios mé féin, agus do bhí mé feargach, agus do chuáidh seision ar aghaidh go dona a slighe a chroidhe. Do chonnairc mé a shlighthe, agus leigheosuidh mé é: tréorochuidh mé é fós, agus aiseoga mé comhfhurtachda dhó féin agus dá chaóinteachaibh. Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é. Rachaidh sé a síothcháin: coimhneochuid iona leapthachaibh, gach aon shiubhlas iona ionnracus.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA dhe go brath: Acht ma tá go noibríghionn sé doilghios, gidheadh biáidh truaige aige do réir iomaid a thrócaireadh. Oír ní phíanann sé go toileamhuil ní mó ghortuighionn sé clann na ndaóine.
Gidheadh do bhí mé do ghnáth agadsa: do rug tú air mo láimh dheis. Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus na dhiáighsin géubha tú chugad a nglóir mé.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Comháirmhionn tú mo sheachrán: cuir mo dheóra ann do bhuidéul: nach bhfuilid ann do leabhar?
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad. Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar.
Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile: Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre. Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil. Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá thighearnas: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe; Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort;
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.) Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA. Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime. Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán. Leanaidh manam go dlú ort: connmhann do lamh dheas súas mé.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh. Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh. Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
¶ Go deimhin diomchuir sé ar ndoilghiosa, agus diomchuir sé ar ndóbrón: gidheadh do mheasamar é buáilte, buáilte ó Dhía, agus smachtuighthe.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Oir atá a fhios aguinn dá sgaóiltear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lámhuibh, marthanach air neamh.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd: Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
Oír ní bhfuil cathair chomhnuigheach aguinn ann so, achd atá iarruidh aguinn ar an gcathruigh atá chum teachda.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé. Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.
Amhuil áon noch chomhfhurtuighios a mhathair, mairsin fhuirteochus misi oruibhsi; agus beithí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ierusalem.
Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.
Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla: Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Do gháirios chum Dé rem ghuth, chum Dé rem ghuth; agus thug sé éisdeacht damh. Agus a dubhras, A nois tionsgonad, ag so cláochló deasláimhe an té is ro áirde. Cuímhneochad oibreacha an TIGHEARNA: go deimhin cuimhneochad hoibreacha iongantacha ón tseanaimsir. Agus smuáinfiod ar hoibreachaibh uile, agus air do ghníomharthuibh do dhéan cúimhne. O a Dhé, is a náomhthacht, atá do shlighe: cía atá na Dhía comhmór re Día! Is tusa an Día noch do ní obair iongantach: do chuir tú do neart a numhail a measc na ndáoine. Dfúasgail tú led láimh do dhaoine, clann Iácob agus Ióseph. Selah. Do chonncadar na huisgeadha thú, a Dhé, do choncadar na huisgeadha thú; do bhí eagla orra: do bhádar na haigéin buáidheartha. Do dhóirteadar na néulla amach uisgeadha: thugadar na spéirigh fúaim: do chúadar fós do shoighde timchioll. Do bhí fúaim do thóirnighe annsna spéirigh: dfoillsigh do thinnteacha an saoghal: do chriothnuigh agus do ghabh eagla an talamh. Annsa bhfairge atá do shlighe, agus do chasán annsna huisgeadhuibh mórа, agus ní haithnithear do choiscéime. A ló mo bhúaidheartha do shir mé an TIGHEARNA: do bhí mo lámh san noidhche ar na dórtadh amach, agus ní dhéarnuidh comhnuigh: do dhiúlt manam comhfhurtachd do ghlacadh.
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Uime sin don tí lér féidir na huile neithe do dhéunamh go hiomarcach tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an chúmhachd oibrigheas ionnain, Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó dhíne go dine, go sáoghal na sáoghal. Amén.
Moluidhsi an TIGHEARNA: óir is maith sailm do chanadh dár Ndía; óir is dathamhuil; agus is aóibhinn a mholadh.
Agus do chúala mé gúth ó neamh ag rádh riom, Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtíghearna feasda: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda dhá sáothar; agus leanuid a noibreacha íad.
Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Eist mo chomhairc, a Dhé; tabhair aire dom ghuidhe. O théorannuibh na talmhan eighfiod chugadsa, a núair bhíos mo chroidhe fa thuirse: tréoruigh mé chum na cairge is áirde na mé.
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
¶ Oír ní híad mo smúaintighthe bhur smuáintighthesi, ní mo asíad bhur slighthe mo shlighthesi, a deir an TIGHEARNA. Oír fa mar is áirde na neamha ná an talámh, is marsin is áirde mo shlighthesi ná bhur slighthesi, agus mo smuáintighthe ná bhur smuáintighthe.
Uime sin an dream fhuilngeas réir thola Dé táobhaidís a nanmanna ris mar Chrúthaightheóir díleas, a ndéunamh na maitheasa.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
A THIGHEARNA, do chúartuigh tú mé, agus daithin tú mé. Ann sin fós tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé. Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus. Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith. Ní raibh madhbharneith a bhfolach ortsa, an tan do rinneadh mé a nuáignios, agus do hoibrigheadh mé go healadhanta a rannaibh íochtaracha na talmhan. Do chonncadar do shúile mo mheall, míochumtha; agus do bhádar uile scríobhtha ann do leabharsa, noch a mbúanus do dhéantaoi a ndeilbh, an tan nach raibh aon díobh? Cred é fós mórlúaigh atáid do smuáintighthe dhamhsa, a Dhé! cred é mhéud a nuibhir! Dá náirmhim íad, is lía íad le a gcomháireamh ná an gaineamh: mhúsgluim, atáim do ghnáth agadsa. Go cinte marbhann tú na ciontuigh, a Dhé: ar anabharsin a dhaóine fuilteacha, imthighidh uáimse. Is aithne dhuit mo shuighe agus méirghe, tuige tú mo smuáineadh a bhfad uáit.
Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn: Agus má atá a fhios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gach ní dá sirmíd, atá a fhios aguinn go bhfuilid na híarratais do íarramar air ar fagháil aguinn.
Oír is úadhasan, agus thrídsion, agus ar a shonsan atáid na huile neithe: glóir dhó féin go síorruidhe. Amén.
Agus tréorochuidh an TIGHEARNA thú a ccomhnuidhe, agus sásfuidh sé hanam a ttiormach, agus do dhéana sé do chnámha méith: agus budh cosmhuil thú re gáirdín ar na fhliuchadh, agus cosmhuíl re tobar fioruisce nach bhfáillighid a uisgeadha.
Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn. Oír biáidh sé amhuil crann plannduighthe láimh ris na huisceadhuibh, agus shíneas amach a fhréamha láimh ris an tsrúth, agus nach dhfaicfidh a núair thig an teasbhach, agus biáidh a dhuille glas; agus ni bhiáidh cúramach a mbiíadhuin an tarta, ní mó scuirfios sé do thábhairt tórindh.
Is fogus an TIGHEARNA da gach aon ghoirios air, do gach áon ghoireas air a bhfírinne. Coimhlíonfa sé mían na druinge air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha; Dóirtfighthear a bhfuil ris an ccloidheamh: béid na ccuid ronna ag sionnchaibh. Agus do dhéana an rígh lúathgháir a Ndía; do dhéana gach áon mhionnuigheas thrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga. Dfaicsin do chumhachd agus do ghlóire, mar do chonnairc mé thú annsa tsanctora. Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú. Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;
Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo THIGHEARNA go bráth.
Mairfid do dhaóine marbha, eireochuid a naóinfheachd re mo chorp marbhsa. Músclaidh agus cánaidh, a dhrong chómhnuighios annsa luáithreadh: óir atá do dhrúchd mar dhrúchd luibhionn, agus teilgfidh an talamh amach na mairbh.
Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.
Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé? Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís. A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach. A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:
Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd. As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin.
Agus an tan do chonnairc mé é, do thuit mé síos agá chosuibh a riochd mhairbh. Agus do chuir seision a lámh dheas oram, ag rádh riom, Ná bíodh eagla ort; as míse an céidneach agus an neach deigheanach: Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh; agus, féuch, atáim beo go sáoghal na sáoghal, Amén; agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agam.