Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 133 - An Bíobla Naofa 1981


Aoibhneas an Ghrá Bhráithriúil
1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.

1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Féach! nach maith agus nach aoibhinn é go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.

2 Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.

3 Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titim anuas ar Shliabh Shíón. Is ann a thug an Tiarna beannacht, agus beatha go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí