Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 1:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Saul agus Ionatan do bhádar grádhach sólasach ann a mbeathaidh, agus ann a mbás níor roinneadh íad: bá luáithe íad ná ioluir, bá láidre ná leomhuin iad.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 1:23
14 Tagairtí Cros  

A iníonacha Iosrael caoinigí Sól, A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga, A chuir dealga óir Ar bhur bhfeisteas.


Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.


Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.


Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.


Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.


An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní;


Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.


Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!


Bhí ár lucht géarleanúna níos mire ná iolair an aeir; chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.


Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;


Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis: “Cad is milse ná mil? Cad is tréine ná leon?” D'fhreagair sé: “Gan treabhadh le mo bhodóg Ní bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.”


Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.


D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí