Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Samúéil 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Bréug an Amalecitigh na agaidh féin. 17 Le caói Dhaibhi oscionn Shauil agus Ionatan.

1 Anois tárla tar éis bháis Shauil, a nuáir do fhíll Dáibhi ó mharbhadh na Namaleciteach, agus Dáibhi dhá lá na chomhnuidhe ann Siclag;

2 Tárla a deirím an treas la, féuch, go ttáinic duine ón champa ó Shaul agus a éadach brisde, agus cré ar a cheann: agus is amhluidh bhí, a nuáir tháinic sé chum Dáibhi, gur thuit sé chum talmhan, agus go ndéarna sé umhlachd.

3 Agus a dubhairt Dáibhi ris, Cáit as a ttáinic tusa? Agus a dubhairt seision ris, As campa Israel tháinic mé.

4 Agus a dubhairt Dáibhi ris, Ciondas do chúaidh an chúis? Guidhim thú, innis damh. Agus do fhreagair seision, Gur theitheadar cách as an gcath, agus gur thuit agus gur marbhadh mórán don phobal; agus go raibh Saul agus Ionatan a mhac marbh mar an gcéadna.

5 Agus a dubhairt Dáibhi ris a nógánach dinnis sin dó, Gá fios duitsi go bhfuil Saul agus Ionatan a mhac marbh?

6 Agus a dubhairt an tógánach dinnis sin dó, Mar thárla dhamsa do chinneamhuin bheith ar shlíabh Gilboa, féuch, do bhí Saul na leathluighe ar a ghath; agus, féuch, do leanadar na carbuid agus an marcshlúagh go géar na dhiáigh.

7 Agus a nuáir damhairc sé na dhiáigh, do chonnairc sé misi, agus do ghoir orum. Agus do fhreagair misi, Atáim annso.

8 Agus a dubhairt seision leam, Cía thú? Agus do fhreagair misi, Amaleciteach mé.

9 A dubhairt sé leam a rís, Guidhim thú, seas ar mo mhuin, agus marbh mé: óir tháinic doirbhios orum, do bhrígh go bhfuil manum fós go hiomlán ionam.

10 Ann sin do sheas mé air, agus do mharbh mé é, mar do bhí a dheimhin agum nar bhféidir leis a bheith béo tar éis é thuitim: agus do ghlac mé an choróin do bhí air a cheann, agus an bráisléad do bhí fá na láimh, agus thug mé liom annso íad chum mo thighearna.

11 ¶ Ann sin do rug Dáibhi greim ar a éadach, agus do réub sé íad; agus mar an gceádna an mhéid daóine do bhí na fhochair:

12 Agus do chumhadar, agus d ghuileadar, agus do throisceadar go tráthnóna, ar son Shauil, agus a mhic Ionatan, agus ar son phobail an TIGHEARNA, agus ar son thighe Israel; do bhrígh gur thuiteadar leis an gcloidheamh.

13 ¶ Agus a dubhairt Dáibhi ris a nógánach dinnis sin dó, Cá has duitsi? Agus do fhreagair seision, mac coimhthighidh Amalecitigh mé.

14 Agus a dubhairt Dáibhi ris, Ciondus nach raibh eagla ort do lámh shíneadh amach do mharbhadh ungthaidh an TIGHEARNA?

15 Agus do ghoir Dáibhi duine do na hógánachaibh, agus a dubhairt ris, Eirigh angear, agus siubhail air. Agus do bhuail seision é, go bhfúair sé bás.

16 Agus a dubhairt Dáibhi ris, Bíodh thfuil ar do cheann féin; do fhíadhnuigh do bhéul féin ad aghaidh, ghá rádh, Do mharbh me ungthach an TIGHEARNA.

17 ¶ Agus do chaói Daibhi leis an ccaoineadhso ós cionn Shauil agus os cionn a mhic Ionatan:

18 Mar an gcéadna daithin sé dhíobh cleachdadh an bhogha do mhunadh do chloinn Iúdah: féuch, atá sé scríobhtha a leabhar Iaser.

19 Tá scéimh Israel ar na marbhadh ar háítibh árda: ciondus atáid na cumhachdaigh ar ttuitim!

20 Ná hinnis a Ngát é, ná foillsigh é a sráidibh Ascélon; deagla go ndéanaidís ingheana na Bhphilistineach luáthgháire, deagla go ndéanaidís ingheana na nemhthimchiilgearrthadh caithréim.

21 A shléibhte Gilboa, ná raibh drúchd, ná fearthuínn oruibh, nó magha ofrála: óir is annsin do teilgeadh go tarcuisneach sciath an chumbachduigh seachad, sciath Shauil, mar nach bíadh ungtha le hola.

22 O fhuil na marbh, ó mhéathus na gcumhachdach, nior fhill bogha Ionatain air ais, agus nior fhill cloidheamh Shauil folamh.

23 Saul agus Ionatan do bhádar grádhach sólasach ann a mbeathaidh, agus ann a mbás níor roinneadh íad: bá luáithe íad ná ioluir, bá láidre ná leomhuin iad.

24 Sibhsi a ingheana Israel, guilidh ós cionn Shauil, noch do chuir culadha scarláoide oruibh, maille re háoibhneas, noch do chuir córughadh óir air bhur néaduighibh.

25 Ciondus do thuiteadar na cumhachduigh a meadhón an chatha! O a Ionatain, do marbhadh thú ann háitibh árda.

26 Atáimsi doilghiosach thríod, a dhearbhrathair Ionatan: bá roshólasach dhamhsa thú: dob iongantach do ghrádh orum, ag sarughadh ghrádh na mban.

27 Cionnus do thuiteadar na cumhachduigh, agus airm an chogaidh ar nimtheachd!

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí