Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Is féarr días nó aon duine; do bhrígh go bhfuil luáigheacht mhaith aca ar son a sáothair.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 4:9
15 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”


“Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa.


Iarann a chuireann faobhar ar iarann; agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.


Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.


fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.


Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia,


Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t‑ualach ró-throm dom.


Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.


Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.


Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”


Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach.


Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí