Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé: Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh.
Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
As beannuighe an tí iomchras cathughadh: óir tar éis a fhaghála dearbhtha, do gheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an Tíghearna don druing ghrádhuigheas é. Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach: Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Ar a nadhbharsin na biodh rioghachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp sómharbhtha, ionnus go dtiubhradh sibh úmhlachd dó ann ainmhianaibh. Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía. Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.
Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn. Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe. Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.
Ná héirigh a steach a ccasán na gciontach, agus ná himthigh a slighe na ndrochdhaóine. Seachain é, ná gabh lámh ris, fill úadh, agus imthigh romhad.
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh. Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
An bhféadann duine teine do ghabháil iona bhrollach, agus gan a éadach do bheith loisge? An bhféadann duine siubhal ar sméaróidibh téo, agus gan a chos do bheith loisge?
An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla: Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.
Ná cláonadh do chroidhe da slighthibh sin, ná héirigh a mugha iona casánaibh. Oír do theilg síos móran gonta: fós, mórán do dhaóinibh neartmhara do marbhadh lé. Isé a tigh an tslighe go hifrionn, ag dul síos go seomradhuibh an bháis.
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh: Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda:
Oír ar mbeith dhúinn ag siubhal sa bhfeóil, ní do réir na féola nímid cogadh: (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;) Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin. Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh. Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh; Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh; Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh. Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach:
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Seachnuidh sdríopachas. Atá gach peacadh dá ndéanann duine leith amuigh don chorp; achd an tí do ní sdríopachas do ní sé peacadh a naghaidh a choirp féin. A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne. Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?
Agus atá críoch na nuile neitheann ag druid rinn: uime sin bíghidh measarrgha, agus déunuigh faire a nurnuighibh.
Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus: Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Eagluighidh an duine críonna, agus dealuighidh ó nolc: ach cuthaighidh an tamadán, agus bídh sé dóthchusach.
Uime sin ar gcreasrughadh leasruigh bhur ninntinne dhibh, maille ré measarrghachd, bíodh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá ar na thabhairt chuguibh a dtaisbéunadh Iósa Críosd;
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Do bheir sé cumhachda do nanbhfann; agus don droing ag nach bí neart méuduighidh sé neart. ¶ Guth an té fhúagras ann sa bhfásach, Gléasuidh slighe an TIGHEARNA, déanaidh díreach annsa díothramh slighe mhór dar Ndía. Laigeochthar fós na hogánuigh agus beid coirthe, agus tuitfid na hóigfhir thríd amach: Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Oír a sí so toil Dé, sibhse do bheith náomtha, ionnus go seachnochadh sibh sdríopachus: Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chongmháil a náomthachd agus a nonóir; Agus ní a bhfonn ainmhíanach, amhail do níd na Cineadhacha, ag nach bhfuil éolas Dé:
Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.
Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.
Oir ní thuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; achd a ní fúathaighim, a sé do ním. Agus má sé a ní nach mían riom do ním, tigim ris an reachd gur maith é. Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaigheas ionnum. Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh. Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním. Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir. Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum. Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam. Oír atá fonn agam a reachd Dé do réir an duine táobh asdigh: Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh. Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so? Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
A chaired grádhach, íarruim dathchuinge oruibh mar dhéoruidhibh agus oilirthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cáthughadh a naghuidh a nanma.
Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.
A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd. Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do réir ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh. Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía. Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do réir mfíréuntachda, do réir ghloine mo lámh ós coinne a shúl. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris аn duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach; Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach. Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas. Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus. Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla. Goirfe mé air an TTIGHEARNA, nóch is fíu a mholadh: agus sáorfuighthear óm naimhdibh mé.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé. Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh. Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin. Oír da néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duíne bhíos ag breathnughadh a ghnúise nadúrtha a sgathán: Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dearmaduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuinne. Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin. Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse. Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal. Ar mbeith a fheasa aguibh, noibhrigheann dearbhadh bhur gcreidimh foighid.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Coimhéad manam, agus sáor mé: agus ná náirighthear mé; do bhrígh go bhfuil mó dhóthchus ionnadsa. Cumhduigheadh díoghruis agus ceart mé; óir dfan mé leachdsa.
Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.
Ní chreapluighear éinneach dá leanann an cogadh ré gnothuighthibh na beathasa; ionnus go ndéanadh toil an tí do thobh é na shaighdiúr.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh, An tí do chuáidh síos a sé an neach céudna do chuáidh súas go hard ó na huile neamhuibh, chum na nuile do líonadh dhó. Uime sin tug sé drung áirighe, na nabsdaluibh; agus drung eile, na bhfaidhibh; agus drung eile, na náodhairighibh agus na luchd teaguisg; Chum na náomh do cheangal go diongmhálta ré chéile, chum oibre na miniosdrálachda, agus chum follamnuighthe chuirp Chríosd: Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd: Ionnus nach beimís ó so amach ar leanbuibh, dár mbogadh agus dár nglúasachd, fa gcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguísg, ré cleasradh dáoineadh, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luigheachan chum mealltóireachd; Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd: O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh. Uime sin a deirim so, agus tógbhuim an Tíghearna dfíadhnuise air, gan sibhse do shiúbhal feasda, mar shiúbhluid na Cineadhachda eíle, a ndiomháoineas a ninntinne, Agá bhfuil a dtuigse ar na dalladh, ar mbeith dhóibh na gcoimhightheachuibh do bheatha Dé do bhrígh a nainbhfis atá ionnta, tré chrúas a gcroidhe: Noch ar mbeith dhóibh gan móthughadh ionnta tug iad féin do mhíonáire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré saint. Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Ionnas tré dhá ní dóatharruidh, ann nach féidir lé Día bréug do dheunamh, go mbeith meanma láidir aguinne, ag rioth chum greamuighthe don dóthchas atá romhuinn: Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?
Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe; Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort;
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham, Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA. Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime. Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid. Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é.
A chaired, ná bíodh iongnadh aguibh sa dteasdughadh tinntighe do nithear oruibh chum bhur ndearbhtha, amhnil do theigéumhadh ní éigin coimhthigheach dhibh: Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.
An té shiubhlas go hionnruic imthighidh go daingion: acht an té mhillios a shlighthe aitheontar é.
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion.
Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh, do rinneadh seirbhísigh don fhíréuntachd dhaóibh.
Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás, Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Gidh bé cheilios a pheacuighe ní bhía biseach air: acht gidh bé admhas agus thréigios íad do gheabha sé trócaire.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
Noch fós dhaingneóchas sibh go foircheann bhur mbeatha, ionnus go mbía sibh neimhchiontach a ló ar Dtighearna Iósa Críosd. Atá Día díleas, tres ar goireadh sibh chum cumuinn a Mhic Iósa Criosd ar Dtighearna.
Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.
Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha.
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Tréorachuidh iomláine na nionnrac íad féin: acht millfidh urchóid na sáruightheach íadsan.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
As éol don Tíghearna na dáoine díagha sháoradh ó chathughadh, agus na dáoine neimhfhiréunta choimhéud go lá an bhreitheamhnuis a bpíannuid:
Mar au ccéadna ó pheacuighibh uáibhreacha connuimh ar ais do sheirbhíseach; ná bíodh cumhachda aca orum: annsin bhías mé díreach, agus bíad neimhchiontach ó naindligheadh mhór.
Agus ar mbeith dhúinn uile, gan folach air ar nadhuigh ag féuchuinn ghlóire an Tighearna amhuil do bhíadh a sgathán, curthar a náithearrach crotha sinn sa niomháigh chéudna sin ó ghlóir go glóir, ré Sbioruid an Tighearna.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Le trócaire agus lé fírinne leasuighthear a néagcóir: agus lé heagla an TIGHEARNA seachnuid daóine an tolc.
A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún. An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann. Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile. Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuilid bhur bpeacuidh ar na maitheamh dhíbh ar son a anmasan. Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair. Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe. A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an tainticríosd, atáid a nois cheana morán daintícríosduibh ar néirghe ann; ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair. Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile. Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.