Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Coimhéadaigidh agus guidhigidh nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh. Tá an spiorad, leoga, toilteannach, acht tá an cholann lag.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachaidh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:41
34 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna.


Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.


Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé; coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.


Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí.


Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.


Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.


Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.”


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”


agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”


agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”


Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile.


Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.


Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.


Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.


Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”


De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí