Matha 26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin go léir críochnuighthe ag Íosa, go ndubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, 2 Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh. 3 Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas; 4 agus do‐rinneadar cómhairle le chéile chum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marbhóchaidís é. 5 Acht adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh toirmeasc i measc an tsluaigh. 6 Agus nuair do bhí Íosa i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhar, 7 tháinig chuige bean ag a raibh crúsca alabastair agus uinneimeint an‐luachmhar ann, agus do dhoirt sí ar a cheann í, agus é ’n‐a shuidhe ag an mbórd. 8 Acht, ar n‐a fheicsin sin do na deisceablaibh, d’éirigheadar mí‐chéadfach, g‐á rádh, Cad chuige an diomailt seo? 9 Óir do b’fhéidir an uinnimeint seo do dhíol ar mhórán, agus a tabhairt do na bochtaibh. 10 Acht do‐chuala Íosa é, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur buaidheartha ar an mnaoi? Óir is maith an gníomh atá déanta aici orm. 11 Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair. 12 Óir, ag doirteadh na h‐uinnimeinte seo ar mo chorp‐sa dhí, is fá chómhair m’adhlaicthe do‐rinne sí é. 13 Go fírinneach adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain ar fad ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníomh do‐rinne an bhean so, mar chuimhne uirthi. 14 Annsin do chuaidh duine de’n dáréag, dárbh ainm Iúdás Iscariót, chum uachtarán na sagart, agus adubhairt sé, 15 Créad is toil libh thabhairt dom, agus do‐bhéarfad suas daoibh é? Agus do mheadhuigheadar dó deich bpíosaí fichead airgid. 16 Agus ó’n am sin amach do bhí sé ag iarraidh uaine chum a thabhairt suas dóibh. 17 Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, tháinig na deisceabail chum Íosa, agus adubhradar, Cá’r mhian leat go n‐ullmhóchaimíd an cháisc duit le n‐a h‐ithe? 18 Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal. 19 Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduigh Íosa dhóibh; agus d’ullmhuigheadar an cháisc. 20 Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair a dháréag deisceabal; 21 agus le linn dóibh bheith ag ithe, adubhairt sé, Adeirim libh go fírinneach, go mbraithfidh duine agaibh‐se mé. 22 Agus tháinig cumha an‐mhór ortha, agus do thosnuigheadar uile ar a rádh leis, An mise é, a thighearna? 23 Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, An té do chuir a lámh sa méis chéadna liom, is eisean bhraithfeas mé. 24 Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh. 25 Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é. 26 Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp. 27 Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh‐sean é, g‐á rádh, Ólaidh uile as so; 28 óir is í seo m’fhuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin chum maitheamhnais na bpeacadh. 29 Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar. 30 Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go Cnoc na nOla‐chrann. 31 Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada. 32 Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh go dtí an Ghalilé. 33 Acht d’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Bíodh go bhfaigheadh cách scannal ionnat, ní fhaighead‐sa scannal choidhche. 34 Adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, sara nglaodhfaidh an coileach anocht féin, go séanfair mé fá thrí. 35 Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna. 36 Annsin tháinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go dtéighead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaighe. 37 Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebedé, agus do thosnuigh sé ar bheith an‐bhrónach, an‐bhuaidheartha. 38 Annsin adubhairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an bháis: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire mar aon liom. 39 Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa. 40 Agus tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, An amhlaidh nár fhéadabhar faire uaire amháin do dhéanamh mar aon liom? 41 Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag. 42 D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se. 43 Agus tháinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom. 44 Agus d’fhág sé arís iad, agus do‐rinne sé guidhe an treas uair, agus é ag ath‐rádh na bhfocal céadna. 45 Annsin tháinig sé chum na ndeisceabal, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh bhúr suaimhneas: féach, atá an uair druidthe linn, agus atá Mac an Duine d’á thabhairt i lámhaibh na bpeacach. 46 Éirighidh, bímís ag gluaiseacht: féach, an té bhraithfeas mé, atá sé i bhfogas dúinn. 47 Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail. 48 Agus an fear do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, g‐á rádh, An té d’á dtabharfad‐sa póg, is eisean é: beiridh air. 49 Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé. 50 Go mbeannuighthear duit, a mháighistir; agus do phóg sé é. Agus adubhairt Íosa leis, A chara, an nidh gur chuige tháinig tú, déan é. Thángadar annsin agus fuaradar greim láimhe ar Íosa, agus do ghabhadar é. 51 Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de. 52 Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé. 53 Nó an measann tú nach féidir liom glaodhach ar m’Athair, agus cuirfidh sé chugam anois díreach tuilleadh agus dhá léigiún déag d’ainglibh? 54 Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith? 55 Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm. 56 Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar. 57 Agus na daoine do rug ar Íosa do threoruigheadar é go tigh Cháiafais, an t‐árd‐shagart, mar a raibh na scríobhaidhthe agus na seanóirí cruinnighthe le chéile. 58 Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú. 59 Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an árd‐chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa, go ndaorfaidís chum báis é; 60 agus ní fhuaradar éinnidh, gidh go dtáinig a lán fiadhnaidhthe bréige i láthair. Acht fá dheireadh tháinig beirt fhiadhnaidhthe bréige adubhairt, 61 Adubhairt an fear so, Atá ar chumas damh‐sa teampall Dé do leagadh, agus a thógáil arís i gceann trí lá. 62 Agus d’éirigh an t‐árdshagart ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis, Nach bhfuil freagra ar bith agat? créad an fhiadhnaise atá aca siúd d’á tabhairt it’ aghaidh? 63 Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé. 64 Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe. 65 Annsin do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt, Dia‐mhasladh atá déanta aige: créad é an gábhadh atá againn le n‐a thuilleadh fiadhnaidhthe? Féach, do‐chualabhar anois an dia‐mhasladh: créad do‐chítear daoibh? 66 D’fhreagradar agus adubhradar, Atá bás tuillte aige. 67 Annsin do chaitheadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ghabhadar de dhornaibh air: agus do bhuail cuid aca buillí boise air, 68 g‐á rádh, Déan fáidheadóireacht dúinn, a Chríost: cia h‐é do bhuail thú? 69 Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach. 70 Acht do shéan seisean é i bhfiadhnaise a raibh ann, g‐á rádh, Ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh. 71 Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha. 72 Agus do shéan seisean arís é ag tabhairt na mionn, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. 73 Agus tar éis scathaimh bhig tháinig siad‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, agus adubhradar le Peadar, Go dearbhtha is duine dhíobh súd thusa; óir scéitheann blas do chainnte ort. 74 Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach. 75 Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society