Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 26:69 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

69 Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

69 Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

69 Acht bhí Peadar ina shuidhe amuigh san chúirt, agus tháinic cailín aimsire chuige, agus dubhairt: Bhí tusa fosta le h-Íosa, an Gaililéach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

69 Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

69 Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

69 Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Gailíleach.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:69
18 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;


Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú.


Acht do shéan seisean é i bhfiadhnaise a raibh ann, g‐á rádh, Ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh.


Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.


Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú.


Acht adubhairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teacht?


D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé.


I n‐a dhiaidh sin d’éirigh Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an chómhairimh, agus tharraing sé daoine ’n‐a dhiaidh: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeadh an dream go léir do lean é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí