Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go Cnoc na nOla‐chrann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Agus i ndiaidh iomann a chanadh, dʼimigh siad leo go Cnoc na nOlóg.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus i ndiaidh dán a ghabháil, d’imthigh siad amach go Sliabh na gCrann Ola.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus a núir do chánadar salm, so chúadar a mach go slíabh na noluidheadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:30
11 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo,


Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar.


Agus do bhíodh sé ag teagasc gach lá sa teampall; agus d’imthigheadh sé amach gach oidhche agus d’fhanadh sé ar an gcnoc d’á ngoirthear cnoc na nOla‐chrann.


A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan cead sibh‐se do chriathairt mar chruithneacht:


Agus tháinig sé amach, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, go cnoc na nOla‐chrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a dhiaidh.


acht chum go n‐aithneochadh an saoghal go bhfuil grádh agam do’n Athair, agus gur de réir mar d’órduigh an t‐Athair dhom do‐ghním. Éirighidh, imthighmís as so.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí