Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh‐sean é, g‐á rádh, Ólaidh uile as so;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus ghlac sé an cupán, agus dʼaltaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus ag breith ar an chailís dó, thug sé buidheachas, agus thug dóibh, ag rádh: Ólaigidh uilig dí seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus ar mbreíth ar an gcupan dó, agus ar dtabhairt buidheachuis, tug sé dhóibh é, ag rádh, Ibhidh uile as so;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Agus thóg sé cupán, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:27
12 Tagairtí Cros  

agus do ghlac sé na seacht mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ghabh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé do na deisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do’n tsluagh iad.


Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp.


óir is í seo m’fhuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin chum maitheamhnais na bpeacadh.


Agus an cupán, mar an gcéadna, tar éis suipéir, g‐á rádh, Is é an cupán so an tiomna nua im’ fhuil‐se doirtear amach ar bhúr son‐sa.


Cupán na mbeannacht bheannuighmíd, nach é comaoin fola Chríost é? An bhollóg aráin bhrisimíd, nach é comaoin cuirp Chríost é?


Scrúduigheadh duine é féin, agus itheadh sé an t‐arán agus óladh sé an cupán d’á réir sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí