Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus le linn dóibh a bheith ag suipéar, ghlac Íosa arán, agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail é, agus dubhairt: Glacaigidh, agus ithigidh: Is é seo mo chorp.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, do ghlac Iósa arán, agus tar éis a bheannuighthi, do bhris, agus tug sé dhá dhéisciobluibh é, agus a dubhairt sé, Glacuidh, ithidh; a sé so mo chorpsa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d’a dheisgiobulaibh é; agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus dá thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:26
16 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad.


Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh‐sean é, g‐á rádh, Ólaidh uile as so;


Agus do thóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dó, do bheannuigh agus do bhris sé na bollóga; agus thug sé do na deisceablaibh iad le cur os cómhair a raibh ann; agus do roinn sé an dá iasc ortha go léir.


Agus do thóg sé cupán, agus thug sé buidheachas, agus adubhairt sé, Glacaidh, agus roinnidh é seo eadraibh:


Agus do chuaidh sé isteach ag fanamhain aca. Agus tharla, nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe chum bidh ’n‐a bhfochair, gur thóg sé an t‐arán, agus gur bheannuigh sé é, agus gur bhris agus go dtug sé dhóibh é.


Agus d’fhanaidís gach lá d’aon toil san teampall, agus do bhrisidís arán ó thigh go thigh, ag caitheamh a mbidh le h‐áthas agus le simplidheacht croidhe,


Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, agus sinn cruinnighthe le chéile chum arán do bhriseadh, do bhí Pól ag tabhairt seanmóire dhóibh, mar bhí sé de rún aige imtheacht lá ar n‐a bhárach; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an mheadhon‐oidhche.


águs gur óladar ó’n gCarraig spioradálta do lean iad; agus dob í an Charraig sin Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí