Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d’a dheisgiobulaibh é; agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus le linn dóibh a bheith ag suipéar, ghlac Íosa arán, agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail é, agus dubhairt: Glacaigidh, agus ithigidh: Is é seo mo chorp.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, do ghlac Iósa arán, agus tar éis a bheannuighthi, do bhris, agus tug sé dhá dhéisciobluibh é, agus a dubhairt sé, Glacuidh, ithidh; a sé so mo chorpsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus dá thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:26
16 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad;


Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.


Agus thóg sé na chúig bhulóga agus au dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir.


Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh;


Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é.


Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach la, agus ag brise aráin ó thigh go thigh, do chaithidís a gcuid bídh i n-áthas agus i n-aoine croidhe,


Ansan, an chéad lá de’n tseachtmhain do thánamair i bhfochair a chéile chun arán do bhrise, agus bhí Pól ag tabhairt teagaisg dóibh, mar bhí sé le h-imtheacht ar maidin amáireach a bhí chúghainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meadhon oidhche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí