Matha 26:26 - An Bíobla Naofa 198126 Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)26 Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara26 Agus le linn dóibh a bheith ag suipéar, ghlac Íosa arán, agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail é, agus dubhairt: Glacaigidh, agus ithigidh: Is é seo mo chorp. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)26 Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, do ghlac Iósa arán, agus tar éis a bheannuighthi, do bhris, agus tug sé dhá dhéisciobluibh é, agus a dubhairt sé, Glacuidh, ithidh; a sé so mo chorpsa. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)26 An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d’a dheisgiobulaibh é; agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201226 Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus dá thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” Féach an chaibidil |