Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Acht d’fhreagair Iúdas, a bhraith é, agus dubhairt: An é mise é, a Rabbi? Deir sé leis: Dubhairt tú é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus ar bhfreagra do Iúdas, do bhraith eisean, a dubhairt sé, An misi é, a Mháighisdir? A dubhairt seisean ris, A dubhairt tú é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Dʼfhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:25
11 Tagairtí Cros  

agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha.


Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.


Annsin do chuaidh duine de’n dáréag, dárbh ainm Iúdás Iscariót, chum uachtarán na sagart, agus adubhairt sé,


Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé.


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é.


Agus adubhairt seisean leo, Adeir sibh é, gur mé.


Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór.


I rith an ama do bhí na deisceabail ag tathant air, g‐á radh, A Rabbí, bí ag ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí