Matha 26:61 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)61 Adubhairt an fear so, Atá ar chumas damh‐sa teampall Dé do leagadh, agus a thógáil arís i gceann trí lá. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)61 agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara61 Agus dubhairt siad-san: Dubhairt an fear seo: Tig liom-sa teampall Dé a leagan, agus é thógáil arís i gcionn thrí lá. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)61 A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)61 Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201261 agus ba é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198161 agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ” Féach an chaibidil |
Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe.