Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:61 - An Bíobla Naofa 1981

61 agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

61 agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

61 Agus dubhairt siad-san: Dubhairt an fear seo: Tig liom-sa teampall Dé a leagan, agus é thógáil arís i gcionn thrí lá.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

61 Adubhairt an fear so, Atá ar chumas damh‐sa teampall Dé do leagadh, agus a thógáil arís i gceann trí lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

61 A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

61 Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

61 agus ba é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:61
22 Tagairtí Cros  

“Druid siar!” ar siadsan leis agus leanadar orthu á rá: “Níl anseo ach duine iasachta thar tír isteach, agus b'áil leis a bheith ina bhreitheamh! Is measa an íde a thabharfaimid ortsa anois na orthusan!” Agus ansin bhrúdar go dian ar Lót agus dhruid siad i gcóngar an dorais chun é a bhriseadh.


agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”


Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.


ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.


Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”


D'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?”


Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.”


agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”


Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.


“Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”


Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!


Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”


Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.”


Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”


“Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.”


D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí