Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Annsin chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail isteach go halla an árdshagairt, darbh ainm Caiphas:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ann sin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus seinnsir an phobuil, go halla a nárdshagairt, dá ngoithior, Cáiaphas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:3
23 Tagairtí Cros  

Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach.


Annsin rug saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leo isteach sa bpálás, agus do chruinnuigheadar chuige an bhuidhean iomlán.


Agus do lean Peadar é i bhfad uaidh, nó go raibh sé istigh i gcúirt an árd‐shagairt; agus do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair na n‐oifigeach, ’g‐á ghoradh féin cois na teineadh.


Agus le linn do Pheadar bheith ins an gcúirt thíos, tháinig cailín de chailínibh an árd‐shagairt;


Agus do rug na saighdiúirí leo é isteach sa gcúirt, is é sin cúirt an Pháláis, agus do chruinnigheadar an bhuidhean iomlán.


Agus nuair do lasadar teine i lár na cúirte, agus do bhíodar ’n‐a suidhe i n‐éinfheacht le chéile, do shuidh Peadar ’n‐a measc.


nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach.


Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é.


Annsin do chuir Annas é ceangailte chum an árd‐shagairt.


Do threoruigheadar Íosa annsin ó Cháiafas isteach sa bPraetorium; agus do bhí moch na maidne ann; agus ní dheachadar féin isteach sa bPraetorium chum nach dtruailleochaidhe iad, acht go n‐íosfaidís an cháisc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí