Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus do‐rinneadar cómhairle le chéile chum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marbhóchaidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ghlac siad cómhairle le chéile chun breith ar Íosa le ceilg, agus é chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do rinneadar comhairle ré chéile do chum go mbéaraidís ar Iósa a bhfeill, agus go muirfidís é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun bháis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:4
10 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é.


A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn?


Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar,


D’á bhrigh sin, ó’n lá sin amach, do cheapadar de chómhairle le chéile a chur chum báis.


adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


Do‐rinne seisean feall ar ár gcineadh, agus do‐rinne sé leathtrom ar ár n‐áithreachaibh, g‐á chur d’fhiachaibh ortha a naoidheana do chaitheamh amach ionnas nach mairfidís.


Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí