Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun bháis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ghlac siad cómhairle le chéile chun breith ar Íosa le ceilg, agus é chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus do‐rinneadar cómhairle le chéile chum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marbhóchaidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do rinneadar comhairle ré chéile do chum go mbéaraidís ar Iósa a bhfeill, agus go muirfidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:4
10 Tagairtí Cros  

D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe.


A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn?


Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis.


Ó’n lá san amach, d’a bhrígh sin, bhíodar ag beartú an é chur chun báis.


Agus dubhairt sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach, a mhic an diabhail a namhaid gach cirt, ná stadfair de shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtar an ár n-aithreachaibh, go gcaithidís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí