Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ann sin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus seinnsir an phobuil, go halla a nárdshagairt, dá ngoithior, Cáiaphas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Annsin chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail isteach go halla an árdshagairt, darbh ainm Caiphas:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:3
23 Tagairtí Cros  

Cruinnighid íad féin ar áonbhall, folchaid íad féin, comharthuighid mo choiscéimighe, a nuáir bhíd ag foraire ar manam.


Acht do bhí mé cosmhuil ré lubhán nó re damh bheirthior chum a mharbhtha; agus ní raibh a fhios agam gur thionscnadarsan tionnscnadh am aghaidh, gha rádh, Scriosam an crann maille re na thoradh, agus gearram amach é as tír na mbéo, chor nach ccuimhnighthear a ainm ní sa mhó.


Acht cheana muna néistighse riomsa do náomhadh laé na saóire, agus gan úalach diomchur, ag dul a steach a ngeatadhuibh Ierusalem a ló na saóire; annsin deargfa mé teine iona geatadhuibh, agus loisgfidhsí pálás Ierúsalem, agus ní múchfuighear í.


Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.


Ann sin rugadar saighdiúirí an úachdaráin Iósa léo don hall choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall.


Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.


Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt:


Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile.


Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra.


An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.


Agus tugadar na hárdsagairt agus na Phairisínigh áithne, gidh bé ar bith do geabhadh a fhios gá háit a raibh sé, a innisin, do chum go mbéuraidís air.


Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdsagairt é.


Ná dhiáigh sin beirid siad Iósa léo ó Chaiphás go tigh na cúirte: agus do bhí mhaidin ann; agus ní dheachadar géin do chúirt a sdeach, ionnus nach dtruáillfidhe íad; achd go níosfaidís úan na cásg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí