Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Acht do‐chuala Íosa é, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur buaidheartha ar an mnaoi? Óir is maith an gníomh atá déanta aici orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus ar a thuigsin seo do Íosa, dubhairt sé leo: Cad chuige a mbodhrann sibh an bhean seo? Óir tá déagh-obair déanta aice orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus an tan do aithin Iósa so, a dubhairt sé ríu, Créd fa gcuirthí búaidhreadh ar an mnáoi? oír do rinne sí obair mhaith am thimcheallsa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:10
24 Tagairtí Cros  

Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair.


Óir do b’fhéidir an uinnimeint seo do dhíol ar mhórán, agus a tabhairt do na bochtaibh.


Acht adubhairt Íosa, Leigidh dhí; cad chuige dhaoibh bheith díombuidheach dhí? is gníomh maith do rinne sí orm.


Le linn cainnte dhó, tháinig duine de theaghlach uachtaráin na sionagóige, g‐á rádh, Atá t’inghean tar éis báis; ná cuir a thuilleadh buaidheartha ar an Máighistir.


Agus is féidir le Dia bhur líonadh de’n uile ghrás; chum, ar mbeith bhur sáith de gach nidh i gcómhnaidhe agaibh, go mbéidh acfuinn chum gach deagh‐ghnó agaibh:


ní h‐é gur soiscéal eile é: acht go bhfuil dream áirithe ann atá ag déanamh buaidhearth a dhaoibh, agus gur mian leo soiscéal Chríost do chur bun os cionn.


An dream atá ag cur as daoibh, bá mhaith liom go gciorrbhaidís iad féin.


As so amach ná cuireadh aoinneach cathú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo chorp.


Óir is sinne obair a láimhe, do cruthuigheadh i nÍosa Críost chum deagh‐ghníomhartha, d’ullmhuigh Dia roimh ré chum go gcleachtfaimís iad.


chum go siubhalfaidh sibh mar d’oirfeadh daoibh san Tighearna, go sásóchaidh sibh é ar an uile shlighe, ag tabhairt tortha san uile dheagh‐ghníomh, agus bhur n‐eolas ar Dhia ag dul i méid;


agus go neartuighidh sé i ngach deagh‐ghníomh agus i ngach deagh‐fhocal sibh.


Is inchreidthe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair mhaith.


deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh.


Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó.


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


Cuir i gcuimhin dóibh bheith umhal do riaghlóiribh agus do lucht ughdaráis, bheith urramach, bheith ullamh chum gach deagh‐ghnó,


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a fhoghlaim cionnas deagh‐oibreacha do chleachtadh, chum gach nidh atá riachtanach do sholáthar, chum nach mbéidh siad gan toradh.


Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh:


go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.


Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí