Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Óir bíonn na bochta agaibh i gcómhnaidhe, acht ní bhíonn mise agaibh i gcómhnaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír béid boich do ghnáth agaibh; achd ní bhía misi do ghnáth bhur bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim se i gcómhnuighe agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 mar bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:11
16 Tagairtí Cros  

Oir áit ar bith ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinnighthe le chéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.


Acht do‐chuala Íosa é, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur buaidheartha ar an mnaoi? Óir is maith an gníomh atá déanta aici orm.


g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.


Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, agus is féidir dhaoibh maith do dhéanamh dhóibh am ar bith is áil libh; acht ní bhím‐se i gcómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair.


Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe.


A chlann dílis, atáim ’n‐bhúr bhfochair tamall beag go fóill. Béidh sibh ’gam’ lorg, acht, mar adubhairt mé leis na h‐Iúdachaibh, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann sibh‐sé teacht ann; deirim libh‐se anois é.


Tamall beag eile, agus ní fheicfidh an saoghal mé feasta; acht do‐chífidh sibh‐se mé: óir átáim beo, agus béidh sibh‐se beo mar an gcéadna.


Tháinig mé amach ó’n Athair, agus tháinig mé ar an saoghal: atáim ag fágáil an tsaoghail arís, agus atáim ag dul chum an Athar.


Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul?


Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne.


an té gur dual do na flaitheasaibh a ghlacadh go dtí na trátha ’n‐a n‐aiseagfar gach éinnidh, mar do labhair Dia ’n‐a thaobh tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an tsaoghail.


acht amháin cuimhneamh ar na bochtaibh, an nidh céadna do bhí mar bhárr cúraim orm féin.


Acht cibé duine go bhfuil maoin an tsaoghail seo aige, agus go bhfeiceann sé á bhráthair i riachtanas, agus go gcruadhann sé a chroidhe ’n‐a aghaidh, cionnas chómhnuigheann grádh Dé ann?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí