Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:65 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

65 Annsin do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt, Dia‐mhasladh atá déanta aige: créad é an gábhadh atá againn le n‐a thuilleadh fiadhnaidhthe? Féach, do‐chualabhar anois an dia‐mhasladh: créad do‐chítear daoibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

65 Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

65 Annsin réab an t-árdshagart a chuid éadaigh, ag rádh: Rinne sé diamhasla; cad é an feidhm atá againn le n-a thuilleadh fiadhnaiseach? Féach, chuala sibh an diamhasla anois:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

65 Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

65 Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

65 Leis sin, stróic an t-ard-sagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

65 Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:65
12 Tagairtí Cros  

Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh.


Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?


D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Ní mar gheall ar aon deagh‐obair atáimíd ag gabháil de chlochaibh ort, acht mar gheall ar dhiamhasla, agus go bhfuilir‐se, agus gan ionnat acht duine, ag déanamh Dé dhíot féin.


an té do choisric an t‐Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an n‐abrann sibh‐se leis, Táir ag diamhasladh; toisc go ndubhras, Is mise Mac Dé?


Acht nuair do‐chuala na h‐abstail, Barnabas agus Pól ’n‐a thaobh, do réabadar a n‐éadaighe, agus do léimeadar amach i measc an tsluaigh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí