Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:56 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

56 Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

56 Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a dʼéalaigh siad leo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

56 Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí scrioptúirí na bhfáidh. Annsin d’fhág a dheisciobail uilig é, agus theich siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

56 Achd táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlionfuidhthe sgrioptúiridhe na bhfáidheadh. Ar na thréigean dá dheiscíobluibh uile ann sin, do theitheadar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

56 Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

56 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

56 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:56
17 Tagairtí Cros  

Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.


Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.


Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada.


Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith?


Féach, atá an uair ag teacht, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gach duine agaibh chum a bhaile féin, agus ’n‐a bhfágfaidh sibh mise im’ aonar: acht cheana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Athair im’ fhochair.


agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


Ag pléidhe mo chúise dhom de’n chéad uair níor chuidigh aoinneach liom, acht do thréigeadar uile mé: nár agarthar ortha é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí