Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus féach, duine acu suíd a bhí le h-Íosa, shín sé a lámh, agus tharraing amach a chlaidheamh: agus ag bualadh seirbhíseach an árdshagairt dó, ghearr sé an chluas de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamha mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

51 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:51
8 Tagairtí Cros  

Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna.


Acht do bhí duine dhíobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé an chluas de.


Acht d’iompuigh seisean, agus do cheartuigh sé iad.


D’fhreagair Íosa, Ní de’n tsaoghal so mo ríoghacht: dá mba de’n tsaoghal so mo ríoghacht do throidfeadh mo mhuinntear, chum nach dtiubharthaí mé ar láimh do na h‐Iúdachaibh: acht anois ní h‐as so dom’ ríoghacht‐sa.


óir ní de’n cholainn ár n‐airm troda, acht atá siad cumasach ó Dhia chum daingne do leagadh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí