Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 26:63 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

63 Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

63 Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

63 Acht d’fhan Íosa ina thost. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Agraim thú as ucht an Dé Bhí innse dúinn má’s tú an Críost, Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

63 Gidheadh níor labhair Iósa áonfhocal. Agus do fhreagair an tárdshagart agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

63 Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá bheó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

63 Dʼfhan Íosa ina thost. Dúirt an t-ard-sagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:63
42 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí.


Agus d’éirigh an t‐árdshagart ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis, Nach bhfuil freagra ar bith agat? créad an fhiadhnaise atá aca siúd d’á tabhairt it’ aghaidh?


Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal.


Agus ní thug sé freagra ar bith ortha: i dtreo go raibh iongnadh mór ar an riaghaltóir.


agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich.


Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,


Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo.


Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe?


Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo.


D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Agus do chruinnigh na h‐Iúdaigh ’n‐a thimcheall, agus adubhradar leis, Cá fhad an mbeidhmíd idir an dá chómhairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreach.


Is aon mise agus an t‐Athair.


an té do choisric an t‐Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an n‐abrann sibh‐se leis, Táir ag diamhasladh; toisc go ndubhras, Is mise Mac Dé?


Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór.


D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Atá dlighe againn, agus de réir na dlighe sin atá an bás tuillte aige, de bhrigh go ndearna sé Mac Dé dhe féin.


agus do chuaidh sé isteach san bPraetorium arís, agus adubhairt sé le h‐Íosa, Cá h‐as duit‐se? Acht ní thug Íosa aon fhreagra air.


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a fhios againn gur tusa Aon Naomhtha Dé.


Uime sin adubhradar leis, Cia thú féin? Adubhairt Íosa léo, Cad chuige dhom bheith ag labhairt libh, ar chor ar bith?


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do sheanmóireamar daoibh, is é sin mise agus Silbhánus agus Timótéus, níor ’seadh agus ní h‐eadh é, acht ní fhuil ann acht ’seadh i gcómhnaidhe.


Nuair do cáineadh é, ní dhearna sé athcháineadh; nuair d’fhulaing sé, ní dhearna sé bagairt; acht do chuir sé é féin fá chumhdach an té do‐bheir breitheamhnas ceart:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí