Matha 26:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)39 Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)39 Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara39 Agus ar dhul giota beag chun tosaigh dó, thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus ag rádh: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharm. Acht cidheadh, ná bíodh mar is toil liom-sa, acht mar is toil leat-sa. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)39 Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)39 Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201239 Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gábhadh an cupán seo tharam, ach ní mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198139 Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.” Féach an chaibidil |