Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:58 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

58 Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

58 Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

58 Agus lean Peadar i bhfad uaidh é, fiú go cúirt an árdshagairt. Agus ag dul isteach dó, shuidh sé imeasc na searbhóntaí, go bhfeiceadh sé an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

58 Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

58 Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

58 Bhí Peadar dá leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach dʼfhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:58
10 Tagairtí Cros  

Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas;


Réidhtigh go luath led’ eascaraid, fad agus bhéas tú i n‐éinfheacht leis sa tslighe; ar eagla go dtiubhradh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n oifigeach thú, agus go gcaithfidhe thú i bpríosún.


Agus do ghabhadar é, agus rugadar leo é, agus thugadar isteach i dtigh an árd‐shagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaidh i bhfad siar.


Agus do bhí Síomón Peadar ’n‐a sheasamh g‐á ghoradh féin. Agus adubhradar leis, Nach duine d’á dheisceablaibh‐siúd thusa, leis? Do shéan seisean, agus adubhairt, Ní h‐eadh.


Agus nuair do chonnaic na h‐árd‐shagairt agus na h‐oifigigh é, do liúghadar g‐á rádh, Croch é, croch é. Adubhairt Píoláid leo, Tógaidh féin é, agus crochaidh é: óir ní fhaghaim‐se coir ar bith ann.


Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air.


Annsin tháinig na maoir chum uachtarán na sagart agus chum na bhFairisíneach, agus d’fhiafruigheadarsan díobh, Cad chuige nách dtugabhar libh é?


Acht do chuaidh na h‐oifigí agus ní bhfuaradar san bpríosún iad: agus d’fhilleadar ar ais, agus d’inniseadar ’n‐a thaobh,


Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí