Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Dʼimigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 D’imthigh sé arís an dara h-uair, agus ghuidh sé, ag rádh: A Athair liom, muna féidir do’n chailís seo dul thart, acht go gcaithfidh mé a h-ól, go ndéantar do thoil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do imthigh sé an dara húair, agus do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A Athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram, gan mé dhá ol, deantar do thoilse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Dʼimigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupán seo a ghabháil tharam gan mé dá ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:42
14 Tagairtí Cros  

Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn.


Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa.


Agus tháinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom.


go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh;


Agus adubhairt sé, Abbá, a Athair, atá gach nidh ar chumas duit; cuir an cupán so dhíom: ná déantar, ámh, an nidh is toil liom‐sa, acht an nidh is toil leat‐sa.


g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar.


Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh.


Óir ní fhuil árd‐shagart againne nach bhféadann cómhfhulang le n‐ár laige; acht is amhlaidh do cuireadh airsean ar cuireadh de chathuighthibh ariamh orainne, acht amháin gan peacadh do dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí