Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Dʼimigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 D’imthigh sé arís an dara h-uair, agus ghuidh sé, ag rádh: A Athair liom, muna féidir do’n chailís seo dul thart, acht go gcaithfidh mé a h-ól, go ndéantar do thoil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do imthigh sé an dara húair, agus do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A Athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram, gan mé dhá ol, deantar do thoilse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Dʼimigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupán seo a ghabháil tharam gan mé dá ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:42
14 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”


Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”


Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.


go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.


“Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”


agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”


Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.


Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí