Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Dʼimigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 D’imthigh sé arís an dara h-uair, agus ghuidh sé, ag rádh: A Athair liom, muna féidir do’n chailís seo dul thart, acht go gcaithfidh mé a h-ól, go ndéantar do thoil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do imthigh sé an dara húair, agus do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A Athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram, gan mé dhá ol, deantar do thoilse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Dʼimigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupán seo a ghabháil tharam gan mé dá ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:42
14 Tagairtí Cros  

Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.


Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.


Agus thainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh.


Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.


Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa.


Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se.


Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí