Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Coimhéadaigidh agus guidhigidh nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh. Tá an spiorad, leoga, toilteannach, acht tá an cholann lag.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachaidh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:41
34 Tagairtí Cros  

Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna.


Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair.


Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta.


Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc. Amen.


Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag.


Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc.


Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh.


Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla? Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh.


Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí