Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:40 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus a tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a’ chluig amháin liom?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Agus tháinig sé chuig na deisceabail go bhfuair ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar, “Nár fhéad tú mar sin faire aon uaire a dhéanamh liom?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus tig sé chuig a dheisciobail, agus gheibh sé ina gcodladh iad, agus deir sé le Peadar: An amhlaidh nach dtiocfadh leat faire a dhéanamh liom ar feadh aon uaire amháin?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, An amhlaidh nár fhéadabhar faire uaire amháin do dhéanamh mar aon liom?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus tig sé chum a dheisciobal, agus do gheibh sé na gcodladh íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin, nar bhéidir libh faire do dhéanamh áonuáir a mháin am fhochairsi?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

40 Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:40
12 Tagairtí Cros  

Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh.


Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbheadh orm bhas d’ fhághail i n-aonfheacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.


Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta.


Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag.


Agus thainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh.


Agus tháinig sé agus fuair sé ’n-a gcodladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad’ chodladh ataoí? Nár fheadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin?


Agus nuair a dh’eirigh sé ó’n nguidhe agus tháinig sé chun a dheisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré bhrón.


Agus tháinig mairbhitíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n’fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chonacadar a ghradam, agus an bheirt a bhí ’n-a seasamh ’n-a theannta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí