Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá mʼamsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus dubhairt Íosa: Téighigidh isteach chun na cathrach chuig fear áirithe, agus abraigidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’am buailte liom; is i do thigh-se a ghním an Cháisc mar aon le mo dheisciobail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an Maighisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad thighsi do dhéana mé fein agus mo dheisciobuil an cháisg.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá mʼuain in achomaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:18
18 Tagairtí Cros  

Agus má deir aoinneach éinnidh libh, adéaraidh sibh‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé uaidh ar an láthair iad.


Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost.


Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.


Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduigh Íosa dhóibh; agus d’ullmhuigheadar an cháisc.


Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.


Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé.


Ag labhairt dó, tháinig daoine ó thigh uachtaráin na sionagóige, agus adubharadar, Atá t’inghean tar éis báis: cad chuige dhuit an Máighistir do bhuaidhreadh feasta?


Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais.


Agus nuair adubhairt sí sin, d’imthigh sí, agus do ghlaodh sí ós íseal ar Mháire, a deirbhshiúr, g‐á rádh, Atá an Máighistir annso, agus atá sé ag glaodhach ort.


Agus d’fhreagair Íosa iad, g‐á rádh, Atá an uair tagtha chum glóir do thabhairt do Mhac an Duine.


Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh.


Do labhair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a shúl chum neimhe, adubhairt sé, A Athair, atá an uair tagtha; tabhair glóir dod’ Mhac, chum go dtiubhradh an Mac glóir dhuit‐se:


Adubhairt Íosa léi, A Mháire! D’iompuigh sí, agus adubhairt sí as Eabhrais, A Rabbóní! (is é sin le rádh, A Mháighistir.)


Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós.


Uime sin adubhairt Íosa leo, Ní tháinig m’uair‐se fós; acht atá bhúr n‐uair‐se ann i gcómhnaidhe.


Téighidh‐se suas chum na féile: ní fhuilim‐se ag dul chum na féile seo fós; óir ní tháinig m’uair fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí