Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Go fírinneach adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain ar fad ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníomh do‐rinne an bhean so, mar chuimhne uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Amén adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a sheanmóir ann, an nídh seo a rinne sí, innseochar mar an gcéadna é mar chuimhne uirthí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhuin, a ndéantar an sóisgéulsa do sheanmóir, go naithréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an bheansa, mar chuimhne uirrthe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Deirim libh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo dá fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:13
19 Tagairtí Cros  

Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh.


Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh:


Agus caithfear an soiscéal do chraobhscaoileadh ar dtús ar fud na gcineadh uile.


Agus adeirim libh go fírinneach, Cibé áit ar fud an domhain uile ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníomh atá déanta ag an mnaoi seo, mar chuimhne uirthi.


Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad.


agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé.


Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain.


tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;


Óir ní h‐é an té mholas é féin atá ionmholta, acht an té go molann an Tighearna é.


acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.


tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne;


thug é féin mar éiric ar son an uile dhuine, gur tugadh a fhiadhnaise ’n‐a am féin.


óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós.


Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí