Matha 26:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)13 Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)13 I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara13 Amén adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a sheanmóir ann, an nídh seo a rinne sí, innseochar mar an gcéadna é mar chuimhne uirthí. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)13 Go fírinneach adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain ar fad ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníomh do‐rinne an bhean so, mar chuimhne uirthi. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhuin, a ndéantar an sóisgéulsa do sheanmóir, go naithréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an bheansa, mar chuimhne uirrthe. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201213 Deirim libh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo dá fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198113 Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.” Féach an chaibidil |