Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin tháinig sé chum na ndeisceabal, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh bhúr suaimhneas: féach, atá an uair druidthe linn, agus atá Mac an Duine d’á thabhairt i lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Dʼfhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Annsin tig sé chuig a dheisciobail, agus deir sé leo: Codluighigidh anois, agus déanaigidh bhur scíste: féach, tá an uair druidte linn, agus bhéarfar Mac an Duine isteach i lámha na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Ann sin tig sé chum a dheisciobal, agus a deir sé ríu, Codluidh feasda, agus comhnuighidh: féuch, do dhruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá thabhairt a lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! Tá an t-am in achomaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:45
14 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal.


Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.


Agus d’fhág sé arís iad, agus do‐rinne sé guidhe an treas uair, agus é ag ath‐rádh na bhfocal céadna.


Éirighidh, bímís ag gluaiseacht: féach, an té bhraithfeas mé, atá sé i bhfogas dúinn.


Agus d’imthig sé achar gearr uatha, agus do thuit sé ar an talamh, agus do ghuidh sé go rachadh an uair thairis, dá mb’ fhéidir é.


Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais.


Agus d’fhreagair Íosa iad, g‐á rádh, Atá an uair tagtha chum glóir do thabhairt do Mhac an Duine.


Anois atá buaidhirt anma orm; agus créad adéarfad? A Athair, fuascail mé ó’n uair seo. Acht chuige seo is eadh tháinig mé chum na h‐uaire seo.


Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh.


Do labhair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a shúl chum neimhe, adubhairt sé, A Athair, atá an uair tagtha; tabhair glóir dod’ Mhac, chum go dtiubhradh an Mac glóir dhuit‐se:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí