Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:45 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Dʼfhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Annsin tig sé chuig a dheisciobail, agus deir sé leo: Codluighigidh anois, agus déanaigidh bhur scíste: féach, tá an uair druidte linn, agus bhéarfar Mac an Duine isteach i lámha na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin tháinig sé chum na ndeisceabal, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh bhúr suaimhneas: féach, atá an uair druidthe linn, agus atá Mac an Duine d’á thabhairt i lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Ann sin tig sé chum a dheisciobal, agus a deir sé ríu, Codluidh feasda, agus comhnuighidh: féuch, do dhruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá thabhairt a lámhaibh na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! Tá an t-am in achomaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:45
14 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.


Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.


Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna.


Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht.


Agus d’imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair thairis dá mb’fhéidir é.


Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.


Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine.


Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo.


Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.


Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí