Seanfhocal 25 - An Bíobla Naofa 1981Dara Cnuasach Sholaimh 1 Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh. 2 Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe. 3 Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh. 4 Scag an dríodar ón airgead agus tiocfaidh sé amach glan. 5 Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht. 6 Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha, 7 Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,” ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile, 8 ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú? 9 Tagair do chúis le do chomharsa, ach ná sceith rún duine eile, 10 Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat, agus go gcaillfeá do chlú go léir. 11 An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid. 12 Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann. 13 Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir. 14 Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne, sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh. 15 Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne; briseann béal bán cnámh. 16 Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag. 17 Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit. 18 Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan. 19 Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair; 20 bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc. 21 Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó; nó tart, tabhair braon le n‑ól dó. 22 Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin, agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat. 23 Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí. 24 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn. 25 Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim, dea-scéala ón gcoigríoch. 26 Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh, an fíréan a chúbann roimh an urchóideach. 27 [Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.] 28 An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart