Is deacair é nuair a chailleann muid duine muinteartha. Tuigim go bhfuil brón agus uaigneas ort, agus is nádúrtha go mbraitheann tú mar sin. Ach ná lig don bhrón sin tú a shlogadh. Cuimhnigh go bhfuil an Spiorad Naomh, ár gcomhdhaltóir, againn. Tabharfaidh sé sólás agus neart dúinn chun an brón seo a shárú.
Mar chreidmheach, tá a fhios againn go dtéann muid go dtí áit níos fearr lenár dTiarna Íosa Críost nuair a fhágaimid an saol seo. Ach sula sroicheann muid an áit sin, caillimid daoine muinteartha a théann romhainn. Cuimhnigh go bhfuil siad in áit níos fearr anois. Bíodh áthas ort go bhfuil a n-anam slán.
Do Dhia a cruthaíodh muid. Deir a bhriathar, má mhaireann muid, don Tiarna a mhaireann muid, agus má fhaigheann muid bás, don Tiarna a fhaigheann muid bás. Mar sin, pé acu maireann muid nó faigheann muid bás, is leis an Tiarna muid. Mar sin, faigh sólás i nDia agus bíodh muinín agat as. Tá Dia leat agus mian leis neart agus sólás a thabhairt do d’anam. Lig do Dhia obair ina bheatha.
Dúirt Íosa: “Is mise an aiséirí agus an bheatha; an té a chreideann ionamsa, beidh sé beo, fiú má fhaigheann sé bás.” (Eoin 11:25)
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh,
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Agus go dtréoruidhe an Tíghearna bhur gcroidhthe sá tslíghe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feitheamh go foighideach ré Críosd.
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
Do taibhreadh an TIGHEARNA dhamhsa cían ó shin, gha rádh, Do ghrádhuigh mé thú lé grádh siorruidhe: uimesin le cineal grádhach do tharruing mé thú.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Misi ionntasan, agus tusa ionnamsa, ionnus go mbeidís go hiomlán na náon; agus ionnus go mbíadh a fhios ag an tsáoghal gur tusa do chuir uáit mé, agus gur ghrádhuigh tú íadsan, mar do ghrádhuigh tú misi.
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige.
Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.
An mhéid is ionmhuin leamsa, cronuighim agus smachduighim íad: uime sin bíodh teasghrádh agad, agus déun aithrighe.
As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.
A nuáir a dubhras, Sciorruidh mo chos; do chonnaimh do thrócaire, súas mé, a THIGHEARNA.
A niomad mo smuáintighthe ionnam a stigh do thaitnighiodar do chomhfhurtachda rem anam.
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása.
Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Oír atá grádh ag a Nathair féin dáoibh, ar son gur ghrádhuigheabhuitse misi, agus gur chreideabhuir gur ab ó Dhía tháinig mé.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda,
Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás,
Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe:
Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit.
Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh.
Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun.
Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic.
Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh.
Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh.
Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
Oír smachduighe an Tíghearna an tí ghrádhuigheas sé, agus sgíurfuidh sé gach mac ré ngabhann sé.
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Agus thaisbeanas trócaire do mhiltibh don luchd ghrádhuighios mé agus choimhéadas maitheanta.
¶ Biodh a fhios agad ar a nadhbharsin gur bé an TIGHEARNA do Dhia, ís Día ann, Dia firinneach, noch choimhéadas a chunnradh agus a thrócaire don droing ghrádhuigheas é agus choimhlíonus a aitheanta, go míle geinealach;
Achd ar mbeith dhíbhse, a chaired, dhá bhur bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ró náomhtha, maille ré bheith dhíbh ag urnuighe sa Sbiorad Náomh,
Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,
Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
¶ Sláineocha mé a sleamhnuighthe siar, bíáidh grádh agum orra go toileamhuil: óir dfill mfearg úadh.
Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.
Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.
An bhféadann bean leanabh a cích do thréigion, as nach bíath trúaighe aice do mhac a bronn? a seadh, féaduid síad a dhearmad, gidheadh ní dhearmodfa misi thusa.
Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil.
Guidhfidh sé Día, agus bía fadhbhrach dhó: agus dó chífidh sé a ghnúis maille re gáirdeachus: óir cúiteochuidh sé ris an nduine a ionnracus.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe, fad fhuilingeach, agus diomud trócaire.
Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta.
Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:
Ionnas ar mbeith díbh, ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bfonndameantughadh a ngrádh, go madh féidir libh a choimsiúghadh maille ris na huile náomhuibh créd é an leithead, agus an fad, agus an doimhne, agus an aired;
Agus eólus ro oirdheirc ghrádha Chríosd do bheith aguibh, chum go lionfuidhe sibh ré huile iomláine Dé.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
Noch do chuimhnigh oruinn ionar staid uirísil: óir mairigh a thrócaire choidhche:
Agus dfúasgail sinn ó ar naimhdibh: óir mairigh a thrócaire choidhche.
Do bhí seision buáidheartha ann a nuile bhuáidhreadhsan, do thárthuigh aingeal a aighthe iad: ann a ghrádh agus ann a thruáighe dfúascail sé íad; diomchuir sé, agus rug leis íad uile láethe an tsáoghail.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,
Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;
Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán.
Agus íarruim dathchuinghe oraibh, a dhearbhraithreacha, tré ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar son ghrádha na Spioraide, bhur ndithcheall do dhéunamh, ma ráon riom a nurnaighibh chum Dé ar mo shon;
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh; A ndiáigh na glóire do chuir sé misi chum na ccineadhach do chreach sibhsi: óir an té bheanas ribhsi beanuidh sé ré mogal a shúlsan.