Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Zacairia 2 - An Bíobla Naofa 1981


Na hAdharca agus na Gaibhne

1 D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc.

2 “Cad iad seo?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. “Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,” ar seisean liom.

3 Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom.

4 “Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”


An Fear Tomhais

5 D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.

6 “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”

7 Ansin d'fhan an t‑aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige

8 agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.

9 ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”


Dhá Aitheasc do na Deoraithe

10 Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh, a deir an Tiarna, óir táim tar éis sibhse a scaipeadh faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.

11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;

12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua, an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil, i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh: - óir aon duine a bhaineann libhse, baineann sé le himreasc a shúile -

13 Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.

14 Abair amhrán agus déan gairdeas, a iníon Shíón; óir, féach, táimse ag teacht chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.

15 Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin; beidh siad ina bpobal aige, agus cónóidh sé in bhur measc, agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugat mé.

16 Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá, mar a chomhroinn féin sa talamh naofa, agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.

17 Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna; óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí