A chairde, is fíor-laochra iad na mná, lán le neart agus misneach, agus is iomaí rud iontach a dhéanann siad. Ní dhéanfar dearmad orthu go deo.
Ag sochraid, níl aon rud is áille ná scéalta a roinnt faoi na míorúiltí a rinne Dia tríd an duine a bhfuil muid ag cailleadh. Spreagann sé sin muid chun moladh a thabhairt don Tiarna as ucht a chroí mhaith agus a thrócaire shíoraí.
Fágann cailleadh duine muid i gcónaí le brón croí, mar is daoine iad a fhágann rian buan orainn. Tá súil againn go bhfeicfimid arís iad má ghlac siad Íosa isteach ina gcroí agus má shiúl siad an cosán ceart.
Is oth liom a rá go bhfuil go leor daoine ag fáil bháis gan Críost a bheith ina saol. Dá bhrí sin, molaim duit labhairt le do mhuintir faoi ghrá agus thrócaire Dé. Beidh sólás agat ansin, agus a fhios agat go bhfuil siad sa bhFlaitheas agus go mbeidh sibh le chéile arís lá éigin.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Oír as éudáil damhsa Críosd, más beatha no bás damh. Agus dá dteagmhuigh dhamh bheith beó sa gcoluinn, biáidh sé tarbhach dhamh: agus créd do bhéuruinn do roghain ní eadair mé. Oír atáim a gcúmhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith fá reír, agus ar bheith a bhfochair Chríosd; óir ni bhfuil ann ní as fear ná sin:
Oír atá a fhios agum go mairionn mfúascaltóir, agus go seasfuidh sé an lá déighionach air an ttalamh: Agus má tá go ccrinnfidh péist an corpsa tair éis mo chroicinn, thairis sin do chífe mé Día ann mfeóil:
Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás. Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn. Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile, A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha. Oír as éigean don ní truáillighesi neamhthruáilleadh do ghabháil uime, agus don ní shomharbhtha sa neamhmarbhthachd do gabháil uime.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:
Ná bíodh iongnadh aguibh ann so: oír tiocfaidh an uáir, ann gcluinfid an mhéid atá ann sna túamuidhibh a ghuthsan, Agus rachaid amach; an dream do rinne deighghniómhartha, go heiséirghe na beatha; agus an dream do rinne drochghniomhartha, go heiséirghe na damanta.
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás.
Aimsior chum beirthe, agus aimsir dfagháil bháis; aimsir do phlanndughadh, agus aimsir chum an neithe do plannduigheadh do tharruing súas;
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin. Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad? nó cá háit a tteighfe mé ó do radharc? Má théighim súas go flaitheamhnus, atá tusa ann: má ullmhuighim mo leabaidh a nifrionn, féuch, atá tusa a lathair.
Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh. O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh? A sé an peacadh cáilg an bháis; agus a sé an reachd neart an pheacaidh. Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is. Oir a deirmíd so ríbh a mbréithir an Tíghearna, nach rachmuidne an luch atá beó, do fáigeadh go teachd an Tighéarna roimh an luchd atá na gcodladh. Oír tiucfuidh an Tíghearna féin a núas ó neamh maile ré gáir, ré gúth a narchaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóchuid na mairbh a Gcríosd ar tús: Na dhíaigh sin inne fhúigfighear béon, fuáidéochar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluibh, chum teagmhála don Tíghearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruidhe a bhfochair an Tíghearna.
Sluígfidh sé súas an bás a mbuáidh; agus tiormochuidh an Tighearna DIA déora do na huile aighthibh; agus cuirfe sé masla a phobail ar ccúl ón ttalamh uile: óir do labhair an TIGHEARNA é.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Ata am ag gach uile ní, agus aimsir ag gach uile thionnsgnámh faói neamh. Do chonnairc mé an sáothar, thug Día do mhacaibh na ndaóine dá númhlughadh fein ann. ¶ Do rinne sé gach uile ní sgíamhach iona am féin: do chuir sé an sáoghal fós ann a ccroidhthibh, iondus nach bhfaghann duine ar bith amach fios na hoibre do ní Día ó thús go deireadh. ¶ Atá a fhios agam nach bhfuil maith ar bith ionnta, acht go mbíath duine gáirdeach, agus go ndéanadh sé maith ar feadh a bheatha. Agus fós go nitheadh agus go nibheadh gach aonduine, agus go solásuigheadh sé iona uile sháothar féin, sé sin tiodhlacadh Dé. Atá a fhíos agam, gach a ndéanann Día, go mbía sin siorruidhe: ní féidir éinní do chur na chionn, nó éainní do bhuáin de: agus do ní Día so, chor go mbíath eagla ag na daoinibh roimhe. An ní do bhí atá sé ann anois; agus an ní bhías do bhí sé ann cheana; agus íarruidh Día an ní do chuáidh thort. ¶ Agus tuilleamh oile do chonnaire mé fan ngréin áit an breitheamhnuis, go raibh urchóid annsin; agus a náit an cheirt, go raibh éaigceart ann. Agus a dubhairt mé ann mo chroidhe, Breithneochuidh Día an fíréan agus an drochdhuine: óir atá am ann chum gach uile oibre agus chum gach uile thionscanta. ¶ A dubhairt mé ann mo chroidhe a ttáobh staide mhac na ndaóine, cho go bhfoillseochadh Día íad, agus go bhfaictidis féin nach bhfuil ionnta acht ainmhighthe. Oír an ní theagmhas do mhacaibh na ndaoine teagmhaidh do na hainmhighthibh; aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar théid cuid aca déag, is marsin éagas an chuid oile; fós, is áonanál amháin atá aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an nduine thar a nainmhidhe: óir is díomhaóineas iad ré chéile. Aimsior chum beirthe, agus aimsir dfagháil bháis; aimsir do phlanndughadh, agus aimsir chum an neithe do plannduigheadh do tharruing súas; Rachaid uile a naonbhall amháin; don luáithreadh íad uile, agus iompóchuid uile chum luáithrigh a rís. ¶ Cía agá bhfuil a fhios go ttéid spiorad an duine súas, agus go ttéid spiorad an nainmhidhe síos chum na talmhan? ¶ Uimesin measuim nach bhfuil ní is féarr, ná sólás do bheith ar dhuine iona oibreachaibh féin; óir isé sin a chuid de: óir cía bhéaras é dféachuin cred bhías na dhiáigh. Aimsir chum marbhtha, agus aimsir chum leighis; aimsir do leagadh síos, agus aimsir do chur súas; Aimsir chum gola, agus aimsir chum gáire; aimsir chum dóláis, agus aimsir chum damhsa;
Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía. Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
Agus do chúala mé gúth ó neamh ag rádh riom, Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtíghearna feasda: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda dhá sáothar; agus leanuid a noibreacha íad.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa. An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha. Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar. Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac. Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é. Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh. Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh. Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal? Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh. Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh. Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air, Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi. Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin. Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Neart agus onóir a headach; gáirdeochuídh sí san naimsir atá ag teacht. Oscluidh sí a béul re gliocus; agus iona teangaidh atá dligheadh an chinéultais.
Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith. Ní raibh madhbharneith a bhfolach ortsa, an tan do rinneadh mé a nuáignios, agus do hoibrigheadh mé go healadhanta a rannaibh íochtaracha na talmhan. Do chonncadar do shúile mo mheall, míochumtha; agus do bhádar uile scríobhtha ann do leabharsa, noch a mbúanus do dhéantaoi a ndeilbh, an tan nach raibh aon díobh?
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh: O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.