Apacailipsis (Taispeántadh) 2:10 - An Bíobla Naofa 198110 Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)10 Ná bíodh eagla ort faoina bhfuil le fulaingt agat. Dearc ar an diabhal atá ar tí cuid agaibh a chaitheamh isteach i bpríosún, do bhur bhféachaint, agus beifear do bhur gcrá ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mise coróin na beatha duit. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)10 Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201210 Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! Tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún dʼfhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha. Féach an chaibidil |