Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Scríobh chum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té chongbhuigheas na seacht réaltana ’n‐a láimh dheis, an té shiubhlas i lár na seacht gcoinnleoir óir:

2 Is eol dom t’oibreacha, agus do shaothar, agus t’fhoighid, agus is eol dom nach féidir leat droch‐dhaoine d’fhulang, agus gur fhromhais an dream ghlaodhas abstail ortha féin, agus nach eadh, agus go bhfuarais bréagach iad:

3 agus go bhfuil foighid agat agus gur fhulaingis ar son m’ainme, agus nár éirighis tuirseach.

4 Acht atá an méid seo it’ aghaidh agam, gur thréigis do chéad‐ghrádh.

5 Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.

6 Acht atá an méid seo agat, go bhfuil gráin agat ar oibreachaibh na Niocaláiteach, ar a bhfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna.

7 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé.

8 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosach agus an deireadh, do bhí marbh, agus atá beo:

9 Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad.

10 Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.

11 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, ní bhfaighidh sé dochar ó’n dara bás.

12 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bPergamum; Is é adeir an té go bhfuil an claidheamh géar dhá‐fhaobhar aige:

13 Is eol dom t’áit chómhnuighthe, mar a bhfuil righ‐chathaoir Shátain: agus greamuigheann tú dem’ ainm‐se, agus níor shéanais mo chreideamh i laethibh Antipais féin, m’fhiadhnaidhe dílis do marbhadh ’n‐bhur measc, san áit ’n‐a bhfuil Sátan ’n‐a chómhnaidhe.

14 Acht atá beagán agam le rádh it’ aghaidh, de bhrigh go bhfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de theagasc Bhaláaim, an té do mhúin do Bhalac ceap tuislidh do chur roimh chlainn Israel, chum neithe do bhí íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe, agus chum striapachas do chleachtadh.

15 Atá agat‐sa, leis, cuid díobh‐san leanas de theagasc na Niocaláiteach.

16 Déan aithrighe, d’á bhrigh sin, nó tiocfad‐sa chugat go luath, agus troidfead ’n‐a h‐aghaidh le claidheamh mo bhéil.

17 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í.

18 Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go bhfuil súile mar lasair teineadh aige, agus go bhfuil a chosa cosmhail le h‐umha geal‐ruithneach:

19 Is eol dom t’oibreacha, agus do ghrádh, agus do chreideamh, agus do sheirbhís, agus t’fhoighid, agus gur mó t’oibreacha deiridh ’ná do chéad oibreacha.

20 Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.

21 Agus thugas uain di chum aithrighe do dhéanamh; agus ní mian léi aithrighe do dhéanamh ’n‐a striapachas.

22 Féach, caithfead isteach i leabaidh í, agus crádhfad le doghrainn mhóir an dream chleachtas adhaltrannas léi muna ndéanaidh siad aithrighe ’n‐a h‐oibreachaibh.

23 Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.

24 Acht deirim‐se libh‐se, leis an gcuid eile de mhuinntir Thuatíra nach bhfuil an teagasc so aca, agus nach eol dóibh neithe doimhne Shátain, mar ghlaodhann siad ortha; Ní chuirim aon ualach eile oraibh.

25 Acht cheana, congbhuighidh greim ar a bhfuil agaibh, nó go dtagad.

26 Agus an té bheireas buaidh, agus choimheádas m’oibreacha go deireadh, do‐bhéarfad dó‐san ughdarás os cionn na náisiún,

27 agus déanfaidh sé aodhaireacht ortha le slait iarainn, mar bristear soithigh criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cumhachta fuaras ó’n Athair:

28 agus do‐bhéarfad dó réalta na maidne.

29 An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí