Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 136 - An Bíobla Naofa 1981


An Hallel Mór: Iomann Cásca

1 Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, agus go maireann a bhuanghrá go brách.

2 Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe, óir maireann a bhuanghrá go brách.

3 Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.

4 Is é an t‑aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.

5 Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.

6 Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách.

7 Eisean a rinne na soilse móra, óir maireann a bhuanghrá go brách.

8 Chuir sé an ghrian i gceannas an lae, óir maireann a bhuanghrá go brách;

9 an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche, óir maireann a bhuanghrá go brách.

10 Bhuail sé céadghin na nÉigipteach, óir maireann a bhuanghrá go brách.

11 Agus threoraigh sé Iosrael as a measc, óir maireann a bhuanghrá go brách.

12 Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle, óir maireann a bhuanghrá go brách.

13 Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid, óir maireann a bhuanghrá go brách.

14 Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár, óir maireann a bhuanghrá go brách.

15 Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir, óir maireann a bhuanghrá go brách;

16 agus sheol a phobal tríd an bhfásach, óir maireann a bhuanghrá go brách.

17 Bhuail sé na ríthe móra, óir maireann a bhuanghrá go brách;

18 agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha, óir maireann a bhuanghrá go brách;

19 Síochon, rí na nAmórach, óir maireann a bhuanghrá go brách;

20 agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, óir maireann a bhuanghrá go brách.

21 Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht, óir maireann a bhuanghrá go brách;

22 mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach, óir maireann a bhuanghrá go brách.

23 Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.

24 Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde, óir maireann a bhuanghrá go brách.

25 Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn, óir maireann a bhuanghrá go brách.

26 Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas, óir maireann a bhuanghrá go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí