Salm 36 - An Bíobla Naofa 1981Trócaire an Tiarna 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna. 2 Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl. 3 Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í. 4 Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith. 5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht ina luí ar a leaba dó. Gabhann sé i slí nach maith agus ní shéanann sé an t‑olc. 6 Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé: 7 do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch. 8 A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá! Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort go ngabhann faoi scáth do sciathán. 9 Líontar le méitheas do thí iad tugann tú deoch dóibh as abhainn d'aoibhneas, 10 óir is leatsa atá foinse na beatha; agus i do sholas-sa a fheicimid an solas. 11 Bíodh grá agat de shíor do lucht d'adhartha, agus cothromas do lucht an chroí dhírigh. 12 Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart