Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Íseáia 54 - An Bíobla Naofa 1981


Torthúlacht Iarúsailéim

1 Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.

2 Cuir méid le hurlár do phubaill, sín amach bratacha d'áit chónaithe, scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!

3 Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.


Grá an Tiarna

4 Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.

5 Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.

6 Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.

7 Seal faiteadh súl a thréig mé thú, ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.

8 Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.

9 Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.

10 Óir féadann na sléibhte imeacht agus na cnocáin bogadh leo, ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidh ná mo chonradh síochána leat ní bhogfar, a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.


An Iarúsailéim Nua

11 A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.

12 Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní, geataí den chriostal duit, agus de liaga lómhara do chompal uile.

13 Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.

14 Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.

15 Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé; an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.

16 Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.

17 Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí